Cuir Isteach Tuairisc
NÓTA DO SHEALBHÓIRÍ CEADÚNAIS
Féach ar ár dtreoirlínte maidir le haighneachtaí le do thoil roimh aon tuarascálacha a chur isteach.
I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh stiúrthóir iarratas a dhéanamh agus ceadúnas a fháil le haghaidh tochailte nach dtarlaíonn riamh i ndáiríre. Sna cásanna sin, má chuireann tú ríomhphost chuig an eagarthóir, Isabel Bennett, ag admin@excavations.ie, le sonraí (uimhir cheadúnais, baile fearainn agus contae) na n-oibreacha nár deineadh, déanfaidh sí nóta de sin don taifead.
I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh ceadúnas a bheith eisithe i mbliain ar leith (e.g. 2013), agus d’fhéadfadh obair tarlú sa bhliain sin, agus ansin arís, faoi shíneadh ar an gceadúnas, sa bhliain 2014 (nó blianta ina dhiaidh sin). Go hidéalach, ba cheart tuarascáil don bhliain eisithe (2013) a uaslódáil agus ansin an dara tuarascáil, ag glacadh leis go raibh an dara séasúr ann, a uaslódáil don bhliain dár gcionn. Nuair a chuirtear 2 shéasúr le chéile i dtuairisc amháin, féadfaidh sé mearbhall a chur ar an eagarthóir, a iarrann d’fhoighne sna cúrsaí seo!
Ní mór duit a bheith ar ríomhaire deisce nó ar ríomhaire glúine chun tuairisc a chur isteach