Eolas ina leith
Tá cuntais achomair ar na tochailtí go léir a rinneadh in Éirinn—Thuaidh agus Theas—ó 1970 go 2024 ar an suíomh seo—atá uathúil san Eoraip agus b’fhéidir ar fud an domhain, chomh fada agus is eol dúinn. Tiomsaíodh é as na Feasacháin Tochailtí a foilsíodh ó na blianta 1970-2010 agus áireofar ann ábhar breise ar líne amháin ó 2011 ar aghaidh, le formáid chomhchosúil, ach beidh rannán idirghníomhach ann chun go bhféadfaidh tochaltóirí a dtuarascálacha féin a uaslódáil.
Chuir Tom Delaney tús leis an bhFeasachán Tochailtí go luath sna 1970idí agus rinne Claire Cotter athbheochan air sa bhliain 1985. Ó eagrán 1987, tá sé curtha le chéile agus curtha in eagar ag Isabel Bennett agus foilsithe ag Wordwell, le tacaíocht tosaigh ó Oifig na nOibreacha Poiblí agus le cúpla bliain anuas ó Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (agus a réamhtheachtaithe sa roinn) agus anois ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Ar feadh na mblianta 1977 go 1984 corpraíodh an Feasachán Tochailte in Irisleabhar na hÉireann Seandálaíochta (Iml. IV agus V, do 1987/8 agus 1989/90 faoi seach).
Tháinig athrú ar líon na dtochailtí a dhéantar in Éirinn gach bliain le linn na tréimhse 40 bliain. Mar léiriú, tá 41 tuairisc ag Tochailtí 1970, agus tá breis agus 2000 i dTochailtí 2006 agus 2007. Ach faoin mbliain 2010, bhí an líon sin tite siar go 846. San iomlán, tugann an bunachar sonraí rochtain ar níos mó ná 32,000 tuairisc agus is féidir é a bhrabhsáil nó a chuardach trí úsáid a bhaint as réimsí iolracha, lena n-áirítear Bliain, Contae, Cineál Suímh, Tréimhse/Dátú, Tagairt Eangaí, Uimh. Cheadúnais, Uimhir Thaifead Suímh agus Séadchomharthaí agus Údar/Tochaltóir.
Tá treoirlínte d’údair atá ag cur tuarascálacha isteach don Fheasachán Tochailtí ar fáil freisin.
Iarratas ar cheadúnas
Ba chóir iarratais ar cheadúnais tochailte d’Éirinn a chur ar ríomhphost chuig licensingsection@ahg.gov.ie nó a phostáil chuig National Monuments Service, Custom House (G50), Baile Átha Cliath, D01 W6X0.
Ba chóir iarratais ar cheadúnais tochailte do Thuaisceart Éireann a dhéanamh chuig an Roinn Pobail, DOE Historic Environment Division Causeway Exchange, Level 6, 1–7 Bedford Street Béal Feirste BT2 7EG. Nó, seol ríomhphost chuig ExcavationsandReports@communities-ni.gov.uk
Eolas gaolmhar ar líne
Tá faisnéis maidir le Séadchomharthaí faoi Chúram an Stáit, Taifead na Láithreán agus na Séadchomharthaí agus Taifead na Séadchomharthaí agus Áiteanna ar fáil ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar www.archaeology.ie. Tá faisnéis ar Limistéir Oidhreachta Nádúrtha, Limistéir Chaomhantais Speisialta, Limistéir faoi Chosaint Speisialta (Treoir maidir le hÉin) agus Anaclanna Dúlra agus Páirceanna Náisiúnta ar fáil freisin ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ar www.npws.ie.
Tá Bunachar Sonraí Láithreáin agus Séadchomharthaí Thuaisceart Éireann agus Bunachar Sonraí Foirgnimh Thuaisceart Éireann ar shuíomh gréasáin Rannóg na Timpeallachta Stairiúla.
Is féidir soláthar teoranta de chóipeanna crua den Fheasachán Tochailtí foilsithe do chuid de na blianta idir 1985 agus 2010 a ordú ó Wordwell. Ní fhoilseofar an Feasachán Tochailtí ar líne ach ó 2011 ar aghaidh.
Tuarascálacha suímh mionsonraithe
Tá tuairiscí a cuireadh faoi bhráid na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, de bhun ceadúnas a eisíodh le haghaidh tochailtí i bPoblacht na hÉireann ar fáil ina chartlann. Tá foirm iarratais chun breathnú ar thuarascálacha neamhfhoilsithe ar fáil le híoslódáil ón suíomh gréasáin Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta. Ba cheart fiosrúcháin maidir leis an gcartlann a sheoladh chuig an Aonad Cartlainne ar an teileafón ar (01) 8883922 (ó Éirinn) / +353 1 8883922 (ó lasmuigh d’Éirinn) nó trí ríomhphost nmarchive@ahg.gov.ie.